Linn Snámha
Bardas Buirge Chill Chainnigh, Linn Snámha James Stephens
LINN SNÁMHA JAMES STEPHENS
Áirítear an snámh ar an iomad spórt is féidir le gach duine is cuma faoina n-inniúlacht páirt a ghlacadh iontu. Cé is moite den siúlóid is sa snámh is mó a bhíonn pobal Chill Chainnigh rannpháirteach. Cuireann Bardas Buirge Chill Chainnigh saoráid íoc de réir snámha ag Linn Snámha James Stephens atá lonnaithe i bhfoshráid le Sráid Mhichíl i lár na Cathrach. De bharr an pholasaí chuimsithigh atá i bhfeidhm aici tá an linn ar fáil do chách agus is iomaí grúpaí pobail agus scoileanna áitiúla a bhaineann úsáid aisti. Is linn snámha baile í freisin ag Club Snámha Chill Chainnigh faoi mhór rath.
Tá Linn Snámha James Stephens oscailte ar bhonn laethúil. Bíonn Seisiúin Phoiblí ar fáil de réir an Tráthchláir thíos.
Uaireanta Poiblí
| MAIDIN | IARNÓIN | OÍCHE |
| Dé Luan | 7.40 – 9.00am (L) 11.00 – 11.40am | | |
| Dé Máirt | 7.40 – 9.00am (L) | | 7.00 – 8.00pm 8.00 – 9.40pm |
| Dé Céadaoin | 7.40 – 8.40am (L) 11.00 –11.40am(L) | | 7.00 – 8.00pm 8.00 – 9.40pm |
| Dé Déardaoin | 7.40 – 9.00am (L) | 3.00-4.40pm | 7.00 – 8.00pm 8.00 – 9.40pm |
| Dé hAoine | 7.40 – 9.00am (L) 11.00 – 11.40am | | 7.30 – 8.00pm 8.00 – 9.40pm |
| Dé Sathairn | | 2.00 – 2.40pm 3.00 – 4.40pm | 7.00 – 8.00pm 8.00 – 8.40pm |
| Dé Domhnaigh | 10.00- 12.40pm | 2.00 – 2.40pm 3.00 – 4.40pm | 7.00 – 8.00pm 8.00 – 8.40pm |
| Children finished at 8pm |
Early Bird - Lánaí amháin: 7.40 - 8.40 r.n. Luan go hAoine
F: Faid amháin a bheidh i gceist sa Seisiún 11.00 - 11.40 ar an gCéadaoin
T: Thar aon dream eile is do theaghlaigh atá an seisiún seo maidin Domhnaigh
Beidh fáilte roimh pháistí ag na seisiúin istoíche suas go dtí 8.00 i.n.; ina dhiaidh sin is do Dhaoine Fásta Amháin an seisiún seo.
Praghsanna:
Daoine Fásta €3.80
Páiste €1.80
Ticéid Teaghlaigh €9.00
Lámhaltas €1.80
Beidh ranganna snámha ar fáil do Dhaoine Fásta agus do Pháistí i rith na bliana.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le:
Pat Boyd
Bainisteoir na Linne Snámha
(056)7721380
AR CHÍOS DON PHRÍOBHÁIDEACH
Tá an linn snámha ar fáil ar chíos don phríobháideach i rith na bliana.
Déan teagmháil, le do thoil le Pat Boyd, Bainisteoir na Linne Snámha, sonraí ag (056) 7794544.
PRAGHSANNA REATHA CHUN AN LINN A FHRUILIÚ (EURO)
Fruiliú na Linne roimh 5 i.n. (in aghaidh na huaire) 60.00
Fruiliú na Linne tar éis 5 i.n. (in aghaidh na huaire) 75.00
Táillí an Teagascóra (in aghaidh na huaire) 15.00
Ranganna Snámha do Pháistí (10) 38.00
Ranganna Snámha do Dhaoine Fásta (10) 50.00
Táille Isteach do Dhuine Fásta 3.80
Táille Isteach do Pháiste 1.80
Ticéad Isteach do Theaghlach 9.00
Árachas 60.00
Rannóg Linn Snámha - Naisc
1. Linn Snámha
2. Nuacht Linn Snámha
F24 Traffic Homepage.doc