irl - Sanitary Services
Leathanach Baile Seirbhísí Sláintíochta Bhardas Buirge Chill Chainnigh
Fáilte chuig Leathanach Baile na Seirbhísí Sláintíochta
Uisce:
Bíonn oibriúcháin Bhardas Buirge Chill Chainnigh ag Baile Rád Thuaidh agus oibriúcháin Comhairle Contae Chill Chainnigh ag Coill an Treoigh ag obair as lámh a chéile chun uisce a sholáthar laistigh de Theorainn na Buirge. Is ar Bhardas Buirge Chill Chainnigh atá an fhreagracht uisce a dháileadh laistigh den Bhuirg.
Séarachas:
Bailítear séarachas ar fud na Buirge i líonra píopaí a gcuireann an Bardas Buirge ar fáil agus a ndéanann an Bardas Buirge obair chothabhála orthu. Caidéaltar go dtí Planda Cóireáil eisiltigh in Inse an Phuirséalaigh ansin é, áit a ndéantar cóireáil air. Níl a phlanda cóireála eisiltigh féin ag Bardas Buirge Chill Chainnigh.
Bailiúchán Bruscair:
Cuireann Bardas Buirge Chill Chainnigh seirbhís bhailiúchán bruscar teaghlaigh ar fáil ar fud na Buirge. Faightear réidh leis an dramhaíl a bhailítear i suíomh líonta talún na Comhairle Contae ag Dún Mór.
Ó thaobh dramhaíl teaghlaigh de ba é €400 an muirear in aghaidh an teaghlaigh i 2003 agus cheadaigh sin do gach teaghlach fáil réidh le trí mhála dramhaíola in aghaidh na seachtaine.
I gcomhlachas le Comhairle Contae Chill Chainnigh oibríonn agus déanann Bardas Buirge Chill Chainnigh obair chothabhála ar roinnt "bring centres", a fhreastalaíonn d'athchúrsáil ar fud na cathrach.
Cuireann Bardas Buirge Chill Chainnigh clár leathan glanta sráide ar fáil freisin do bhóithre uile taobh istigh den chathair.
1. Seirbhísí Sláintíochta